Maidir Linn
Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) an comhlacht reachtúil atá freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle agus abhcóideachta faoi réimse leathan seirbhísí poiblí agus sóisialta. Cuireann sé an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie ar fáil agus tacaíonn sé le líonra deonach na nIonad Faisnéise do Shaoránaigh agus leis an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0818 07 4000. Cuireann sé maoiniú agus tacaíocht ar fáil freisin don tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) 0818 07 2000.
Tá an Bord á rialú ag an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008, ag an Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007 (pdf) agus ag an Acht um Chomhairle 2000 agus tá sé faoi shainchúram na Roinne Gnóthai Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Seo a leanas sainordú an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh, de réir mar atá sainmhínithe sna hAchtanna:
- A chinntiú go mbíonn daoine in ann faisnéis chruinn, chuimsitheach, shoiléir a fháil faoi sheirbhísí sóisialta
- Cabhrú agus tacú le daoine aonair, go mór mór leo siúd atá faoi mhíchumas, chun a gcuid riachtanais agus roghanna a aithint agus a thuiscint
- Rochtain, comhordú agus feasacht phoiblí maidir le seirbhísí sóisialta a chur chun cinn níos mó
- Tacú le soláthar faisnéise faoi éifeachtacht an bheartais shóisialta agus na seirbhísí sóisialta reatha agus aird a tharraingt ar shaincheisteanna atá ina n-ábhar imní ag úsáideoirí na seirbhísí sin
- Tacú le soláthar seirbhísí abhcóideachta do dhaoine faoi mhíchumas nó na seirbhísí sin a chur ar fáil go díreach.
- Tacú le soláthar comhairle maidir le bainistiú fiacha pearsanta agus airgid tríd an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS).