Conas iarratas a dhéanamh
Iarratas: Is féidir áirithint ar líne a dhéanamh ach cliceáil ar an gcúrsa iomchuí.
Eolas maidir le hÁirithintí
Cuir próiseas an iarratais ar líne i gcrích.
Baineann dáta deiridh le gach cúrsa agus ní mór gach iarratas ar na cúrsaí a bheith faighte roimh an dáta deiridh. Agus iarratas á dhéanamh ar chúrsa ar leith, ba chóir don iarratasóir na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- Gach eolas faoin gcúrsa a léamh ionas go gcomhlíonann na hiarratais an leibhéal cuí oiliúna atá ag an iarratasóir. Beidh na réamhriachtanais i leith freastail an-soiléir i sonraí an chúrsa
- Déan an dáta deiridh ábhartha a sheiceáil
- Déan cinnte go bhfuil próiseas an iarratais curtha i gcrích go hiomlán
- Déan seiceáil ar dháta(í) agus ar am an chúrsa chun a chinntiú go mbeidh tú in ann freastal ar an gcúrsa iomlán agus deimhnigh i do dhialann an dáta/na dátaí a bhaineann le cúrsa(í) ar bith ar a ndearna tú iarratas.
Leibhéal Cúrsa Mínithe
Leibhéal 1 | Tá cúrsaí ag leibhéal 1 oiriúnach do phearsanra a bhfuil a gcuid traenáil ionduchtaithe comhlánaithe acu agus ag a bhfuil roinnt taithí ar eolas a thabhairt don phobal. |
Leibhéal 2 | Is ann do Chúrsaí Leibhéal 2 le haghaidh soláthróirí Eolais a bhfuil Bliain 1 den Chlár Eolais, Comhairle agus Tacaíochta (CECT) nó a réamhtheachtaí, Clár na Soláthróirí Eolais (CSE) curtha i gcrích acu agus/nó a bhfuil taithí bliana ar a laghad acu maidir le heolas a sholáthar don phobal. |
Leibhéal 3 | Is ardchúrsaí iad Cúrsaí Leibhéal 3 le haghaidh Soláthróirí Eolais a bhfuil taithí acu, agus a bhfuil dea-chur amach acu, ar ábhar an chúrsa agus ar mhaith leo feabhas a chur ar an eolas atá acu cheana féin agus cur leis chomh maith. |
Táillí Cúrsa
An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh / Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid | Níl aon Táille |
Cúrsaí Eile go Léir: | |
Cúrsa 1 lá (lena n-áirítear lón) | €100.00 |
Cúrsa 2 lá (lena n-áirítear lóin) | €200.00 |
Cúrsa Leathlá | €50.00 |
Cuirfidh BFS sonrasc chuig eagraíocht rannpháirtí an chúrsa. Ná cuir isteach seic le d’iarratas.
Nós Imeachta Roghnaithe
Nuair a fhaightear iarratais beidh nós imeachta roghnaithe ann chun an comhoiriúnú is fearr rannpháirtithe leis an gcúrsa a chinntiú.
Áireofar i gcritéír do roghnú:
- Leibhéal taithí iarratasóra mar is cuí do leibhéal an chúrsa
- Ról an iarratasóra san eagraíocht mar atá ábhartha do thopaicí an chúrsa
- Ionchais iarratasóra bunaithe ar eolas ar fáil ar an bhfoirm iarratais bainteach le hábhar an chúrsa mar a léirítear.
- Traenáil a dhóthain roimhe sin sa réimse seo
- Cibé an bhfuil an fhoirm iarratais don chúrsa líonaithe isteach ag iarratasóir agus faomhaithe agus sínithe ag an duine cuí san eagraíocht nó nach bhfuil.
Áirítear i measc factóirí eile a chuirtear san áireamh, láthair geoghrafach an chúrsa, an líon iarratasóirí ón eagraíocht amháin agus an líon iomlán áirithintí don chúrsa.
Ní mór iarratais go léir a admháil. Fógrófar iarratasóirí láithreach tar éis an dáta dheireanaigh cibé an bhfuil áit acu ar an gcúrsa ar ar chuir siad iarratas isteach nó nach bhfuil.
Cealúcháin
Ag tógáil san áíreamh an t-éileamh ar áiteanna ar an gcúrsa le daoine ar liostaí feithimh bheimis buíoch do dhaoine fios a chur orainn chomh luath agus is féidir mura bhfuil siad in ann freastal chun an áit a thabhairt do dhuine eile.