Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (an SATC)
Bunaíodh Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta (an SATC) in 2007 tríd an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh mar Sheirbhís náisiúnta Ateangaireachta Teanga Chomharthaíochta.
Soláthraíonn an SATC réimse fairsing seirbhísí, ina measc:
- Seirbhís atreoraithe chun cabhrú le cliaint chun an t-ateangaire ceart a fhreastalaíonn ar a riachtanais a aimsiú. Chun atreorú a iarraidh, déan teagmháil linn, le do thoil, trí na sonraí thíos a úsáid. Is tábhachtach a mhéid réamhfhógra agus is féidir a thabhairt, mar gheall go bhféadfadh fáil theoranta a bheith ar ateangaire. Déanfaidh cliaint na hateangairí a fhostú agus a íoc go díreach. Faoin reachtaíocht comhionannais, ba chóir gurb é an soláthróir seirbhíse agus nach é an Bodhar a n-íocfaidh costais uile ateangaireachta.
- Seirbhís Ateangaireachta Iargúlta na hÉireann (SAIÉ). Seirbhís shimplí atá furasta le húsáid atá sa SAIÉ a sholáthraíonn nasc ar líne le hateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann/Béarla agus feidhmchláir ar nós Skype, ooVoo nó Webex á n-úsáid. Tá an t-ateangaire de chuid SAIÉ bunaithe in oifigí an SATC agus féadfaidh na cliaint a bheith lonnaithe áit ar bith in Éirinn.
Chun iarraidh ar choinne SAIÉ, nó chun taispeántas a shocrú, seol ríomhphost, le do thoil, chuig remote@slis.ie.
Ráiteas Misin
Déanfaidh an SATC infhaighteacht ar sheirbhísí ardchaighdeáin ateangaireachta do dhaoine Bodhra in Éirinn a chur chun cinn, mar aon le hionadaíocht a dhéanamh don infhaighteacht agus tacaíocht a thabhairt di.Cuspóirí Straitéiseacha
Is é sprioc an SATC a chinntiú gur féidir le daoine Bodhra maireachtáil mar shaoránaigh iomlána agus chothroma a bhfuil rochtain gan stró acu ar na seirbhísí ábhartha poiblí, oideachais agus sóisialta, agus a gcearta agus a dteidlíochtaí a fheidhmiú, iad siúd faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann agus um Míchumas ina measc.
Tugann an SATC gealltanas i gCáipéis Ráiteas Straitéise an SATC 2015-2020 don mhéid a leanas:
- Feabhas a chur ar sheirbhísí ardchaighdeáin ateangaireachta a ligeann do Dhaoine Bodhra chun rannpháirtíocht iomlán a ghlacadh i ngach gné de bheatha an phobail.
- Dea-chleachtas agus caighdeáin ghairmiúla i measc na seirbhísí ateangaireachta go léir a chuirtear ar fáil do Dhaoine Bodhra a chur chun cinn agus a spreagadh.
- An fháil atá ar sheirbhísí ateangaireachta a mhéadú i bpríomhlimistéir na beatha laethúla, go háirithe nuair a bhíonn rochtain á fáil ag daoine Bodhra ar a gcearta nó a dteidlíochtaí.
- Leanúint le Seirbhísí Ateangaireachta Iargúlta na hÉireann (SAIÉ) a fhorbairt.
- Abhcóideacht a dhéanamh do riachtanais Daoine Bodhra maidir le rochtain ar ateangaireacht lena chur ar a gcumas páirt a ghlacadh i bpríomhghnéithe an tsaoil; seirbhísí poiblí ach go háirithe.