Saoráil Faisnéise
Tháinig ceanglais na reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise (SF) i bhfeidhm ar an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, mar Chomhairle, ón 1 Deireadh Fómhair 2001. Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 dualgais éagsúla ar chomhlachtaí poiblí agus ar chomhlachtaí áirithe eile atá faoina réir, agus bronnann sé cearta áirithe ar dhaoine aonair teacht ar thaifid na gcomhlachtaí atá i gceist.
Scéim Foilsithe
Le teacht ar fhaisnéis a éascú, ceanglaítear san Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 ar chomhlacht SF faisnéis a fhoilsiú fút féin i gcomhréir le scéim foilseacháin samhla a d’fhaomh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is féidir teacht ar an bhfaisnéis a foilsíodh faoi scéim foilsithe an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh tríd an roghchlár ar chlé.
Do chearta
Tá ceart i dtaobh an mhéid seo a leanas agat:
- Teacht ar thaifid fút atá á gcoimeád ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh
- Aon fhaisnéis phearsanta a bhaineann leat féin atá á coimeád ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh a cheartú agus a cheapann tú atá míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
- Teacht ar chúiseanna a bhí le cinntí a rinne an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh a dhéanann difear duit go pearsanta.
- Taifid a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1998 ar aghaidh
- Taifid a cruthaíodh roimh an dáta sin atá riachtanach taifid ina dhiaidh sin a thuiscint
- Faisnéis phearsanta atá á coimeád ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, gan aird ar cathain a cruthaíodh an taifead
- Ní mór d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó ar ríomhphost agus ba cheart a lua go bhfuil an fhaisnéis á lorg faoin Acht SF 2014.
- Ba cheart duit a thabhairt le fios más mian leat an t-eolas a fháil i bhfoirm ar leith (mar shampla, fótachóip, CD-ROM, etc.).
- Ba cheart duit a mhéid sonraí agus is féidir leat a thabhairt lena chur ar ár gcumas na taifid a aithint. Má bhíonn deacracht agat na taifid bheachta a shainaithint a theastaíonn uait, beimid sásta cabhrú leat chun d’iarraidh a ullmhú.
- B’fhéidir go mbeidh ort d’aitheantas a chruthú, go háirithe má tá faisnéis phearsanta á hiarraidh agat. Mar sin, b’fhéidir go n-iarrfar ort do phas, ceadúnas tiomána, teastas breithe, nó aitheantas cuí eile a sholáthar.
- €20 an uair a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil
- €0.04 an bhileog le haghaidh fótachóipe
- €10 do CD-ROM ina gcuimsítear cóip de cháipéisí
- €6 do radagraf (X-gha) ina gcuimsítear cóipeanna de cháipéisí
Is iad na taifid atá á gcoimeád ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh a bhfuil tú i dteideal teacht orthu:
Iarraidh SF a dhéanamh ar thaifid
Mura féidir leat an fhaisnéis a aimsiú atá á hiarraidh agat ar an láithreán gréasáin nó trí fhiosrúcháin a dhéanamh agus más mian leat iarraidh SF a dhéanamh:
Tá oibleagáid orainn faoin Acht SF 2014 d’iarraidh a aithint laistigh de choicís agus cinneadh a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine.
Ba cheart duit d’iarraidh a sheoladh chuig:
An tOifigeach SF
An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh,
Teach Ché Sheoirse,
43 Sráid Chnoc na Lobhar, Baile Átha Cliath 2
D02 VK65
Guthán: 0818 07 9000
R-phost: FOI@ciboard.ie
Seol d’iarraidh ar aghaidh go leictreonach, le do thoil, sa chás gur féidir.
Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh tosaigh a rinneadh faoi d’iarraidh nó mura dtugtar fógra duit faoi chinneadh, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach an chinnidh (nó mura ndéantar cinneadh) le:
Adrian O’Connor, Bainisteoir Sinsearach
An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh,
Teach Ché Sheoirse,
43 Sráid Chnoc na Lobhar, Baile Átha Cliath 2
D02 VK65
Guthán: 0818 07 9000
R-phost: FOI@ciboard.ie
Ba cheart duit athbhreithniú inmheánach a lorg laistigh de cheithre seachtaine tar éis an cinneadh tosaigh a fháil nó mura ndearnadh cinneadh tosaigh (is é sin, laistigh d’ocht seachtaine tar éis duit d’iarraidh thosaigh a dhéanamh).
Tá oibleagáid orainn tabhairt faoi athbhreithniú inmheánach laistigh de thrí seachtaine tar éis d’iarratas a fháil. Mura bhfuil tú sásta go fóill leis an gcinneadh nó mura bhfuair tú freagra ar d’iarraidh ar athbhreithniú inmheánach, is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise ag:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Guthán: 01 639 5689, Glaoch áitiúil: 1890 253 238, Facs: 01 639 5674
Ríomhphost: info@oic.gov.ie
Láithreán gréasáin: www.oic.gov.ie
Táillí
Leagtar oibleagáid ar an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh sa reachtaíocht táillí a ghearradh ar thaifid áirithe a dhéantar a rochtain faoin Acht SF 2014.
Taifid phearsanta
Ní ghearrtar aon táille ar theacht ar thaifid phearsanta, as faisnéis phearsanta a cheartú nó a leasú ná as teacht a fháil ar chinntí a dhéanann difear díreach duit.
Taifid eile
Gearrfar táillí ar an obair a bhaineann leis na taifid a phróiseáil a scaoiltear má sháraíonn an costas iomlán €100. Seo a leanas na táillí seo:
Beidh ort éarlais 20% de chostas costas an chuardaigh agus na haisghabhála a íoc más mó an costas a bhíonn ar na taifid a iarrtar a aimsiú ná €100.
Má dhéanann tú iarratas ar athbhreithniú inmheánach, tá ort €30 (nó €10 más sealbhóir cárta leighis thú) a íoc. Is í an táille ar achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise €50 (nó €15 do shealbhóirí cárta leighis).
Eolas breise
Is féidir leat teacht ar eolas breise inár Treoir maidir le Saoráil Faisnéise (doc) agus ag www.foi.gov.ie.