The Citizens Information Board (CIB) is the national agency responsible for supporting the provision of information, advice, and advocacy. CIB funds and supports a range of 22 Service Delivery Companies including the Citizens Information Services, the Money Advice and Budgeting Services, (MABS) Support, National Traveller MABS, the National Advocacy Service for People with Disabilities, the Sign Language Interpreting Service, and the Register of Irish Sign Language Interpreters.
Executive Officer Financial Compliance and Reporting (EO)
Duration: Whole-time, Permanent (35 hours per week)
Location: Citizens Information Board, George’s Quay House, 43 Townsend Street, Dublin 02, D02 VK65
Role: Executive Officer Financial Compliance and Reporting (EO)
The CIB funded service delivery companies are limited by guarantee and have charitable status, with the exception of RISLI. These companies report to the CIB on a cash accounting basis. They also have onerous financial compliance and reporting obligations in relation to the Companies Act 2014, the Financial Reporting Council’s Financial Reporting Standard 102, the Charities Act 2009, and the Charities Regulator reporting requirements.
The Financial Compliance and Reporting (FC&R) team within the CIB is responsible for monitoring and reporting on service delivery companies’ management of public funds, as well as compliance with legislative and regulatory requirements as set out in their Service Level Agreements with the CIB.
The FC&R team determine the annual operational grant allocations for the service delivery companies and monitor and report on the cumulative budget versus expenditure incurred by them.
The FC&R team is also responsible for validating the service delivery companies annual cash budget plans and mid-year cash budget reprofiling submissions. The team maintain the CIB’s Financial Controls and Reporting Requirements Handbook, and monitor company compliance through the service delivery companies’ quarterly financial returns and internal audit reports.
The FC&R team work closely with other CIB teams, including Operational Compliance and Reporting, Corporate Services, Advocacy, Standards and Development and ICT, Digital and Data teams.
Salary
The salary scale for this post is the standard Civil Service Equivalent: €36,544, €38,465, €39,550, €41,667, €43,564, €45,400, €47,229, €49,019, €50,832, €52,618, €54,514, €55,784, €57,596(LSI1) €59,422(LSI2)
*After 3 years’ satisfactory service at the maximum
**After 6 years’ satisfactory service at the maximum
An Application Form must be completed in full (late applications and CVs not accepted). The application process is outlined in the Information Booklet which is downloadable below:
Download the Application Form (docx)
Download the Candidate Pack(pdf)
Closing date: Thursday 5pm 12th of December 2024
The Citizens Information Board is committed to providing equal opportunities for employment to all applicants. Applications will be reviewed and shortlisted for interview on the merit, skills and experience detailed in the documentation supplied, regardless of gender, age, sexual orientation, civil status, family status, religion, disability, race, or membership of the Traveller community.
Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle agus abhcóideachta. Maoiníonn agus tacaíonn an BFS le raon de 22 Cuideachta Seachadta Seirbhíse lena n-áirítear na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh, an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, Tacaíocht an SBCA, an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas, Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta, agus Clár na nAteangairí Teanga Comharthaíochta in Éirinn.
Oifigeach Feidhmiúcháin, Comhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais
Tréimhse: Lánaimseartha, Buan (35 uair an chloig sa tseachtain)
Suíomh: An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Teach Ché Sheoirse, 43 Sráid an Bhaile, Baile Átha Cliath 02 D02 VK65
Ról: Oifigeach Feidhmiúcháin, Comhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais (OF)
Tá na cuideachtaí seachadta seirbhíse atá maoinithe ag BFS faoi theorainn ráthaíochta agus tá stádas carthanachta acu, cé is moite de RISLI. Tuairiscíonn na cuideachtaí seo don BFS ar bhonn cuntasaíochta bunaithe ar airgead tirim. Tá oibleagáidí dochraideacha maidir le comhlíonadh agus tuairisciú airgeadais orthu freisin i dtaca le hAcht na gCuideachtaí 2014, Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 na Comhairle um Thuairisciú Airgeadais, Acht na gCarthanas 2009, agus ceanglais tuairiscithe an Rialálaí Carthanas.
Tá an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais laistigh de BFS freagrach as monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar bhainistíocht cistí poiblí na gcuideachtaí seachadta seirbhíse, chomh maith le comhlíonadh na gceanglas reachtaíochta agus rialála mar atá leagtha amach ina gComhaontuithe ar Leibhéal na Seirbhíse leis an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
Cinneann an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais na leithdháiltí deontais oibriúcháin bliantúla do na cuideachtaí seachadta seirbhíse agus déanann siad monatóireacht agus tuairisciú ar an mbuiséad carnach i gcomparáid le caiteachas a thabhaíonn siad.
Tá an fhoireann freagrach freisin as bailíochtú a dhéanamh ar phleananna buiséid airgid thirim bliantúla na gcuideachtaí seachadta seirbhíse agus ar aighneachtaí athphróifílithe buiséid airgid lár na bliana. Déanann an fhoireann Airgeadais Lámhleabhar Rialaithe Airgeadais agus Riachtanais Thuairiscithe BFS a chothabháil freisin agus déanann siad monatóireacht ar chomhlíonadh cuideachtaí trí Thuairiscí Airgeadais Ráithiúla agus tuarascálacha iniúchta inmheánaigh na gcuideachtaí seachadta seirbhíse.
Oibríonn an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Airgeadais i ndlúthchomhar le foirne eile de chuid BFS, lena n-áirítear an fhoireann um Chomhlíonadh agus Tuairisciú Oibriúcháin, foireann na Seirbhísí Corparáideacha, an fhoireann Abhcóideachta, an fhoireann um Chaighdeáin, um Fhorbairt agus um TFC, an fhoireann Dhigiteach agus an fhoireann Sonraí.
Tuarastal
Is é an scála tuarastail don phost seo ná Coibhéis chaighdeánach na Státseirbhíse: €36,544, €38,465, €39,550, €41,667, €43,564, €45,400, €47,229, €49,019, €50,832, €57,596(LSI1) €59,422(LSI2)
*Tar éis 3 bliana de sheirbhís shásúil ar an uasmhéid
**Tar éis 6 bliana de sheirbhís shásúil ar an uasmhéid
Ní mór Foirm Iarratais a chomhlánú ina hiomláine (ní ghlactar le hiarratais dhéanacha ná le CVanna). Tá an próiseas iarratais leagtha amach sa Leabhrán Eolais is féidir íoslódáil thíos:
Íoslódáil an Fhoirm Iarratais (docx)
Íoslódáil an Leabhrán Eolais (pdf)
Dáta deiridh: Déardaoin 5pm 12ú Nollaig 2024
Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh tiomanta do chomhdheiseanna fostaíochta a chur ar fáil do gach iarratasóir. Déanfar iarratais a athbhreithniú agus a chur ar ghearrliosta le haghaidh agallaimh ar an bhfiúntas, na scileanna agus an taithí a shonraítear sna doiciméid a sholáthraítear, beag beann ar inscne, aois, gnéaschlaonadh, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, reiligiún, míchumas, cine, nó ballraíocht den Lucht Siúil.