The Citizens Information Board (CIB) is the national agency responsible for supporting the provision of information, advice, and advocacy. CIB funds and supports a range of 22 Service Delivery Companies including the Citizens Information Services, the Money Advice and Budgeting Services, (MABS) Support, National Traveller MABS, the National Advocacy Service for People with Disabilities, the Sign Language Interpreting Service, and the Register of Irish Sign Language Interpreters.
Executive Officer, Data, Policy, and Research (EO)
Duration: Whole-time, Permanent (35 hours per week)
Location: Citizens Information Board, George’s Quay House, 43 Townsend Street, Dublin 02, D02 VK65
Role: Executive Officer Data, Policy, and Research (EO)
The work of the Data and Research Team meets a statutory CIB function, which is to support, promote and develop the provision of information on the effectiveness of current social policy and services and to highlight issues which are of concern to users of those services.
The work of the team currently spans five key areas:
- Producing policy reports for the attention of Government and other policymakers and stakeholders (all reports and submissions are available on the CIB website: www.citizensinformationboard.ie
- Analysis of query and policy data from our frontline services, and presentation of same on the Data Hub section of the CIB website: Data Hub - Citizens Information Board, with reports provided to Government as required
- Active engagement with frontline services - including delivery of training - to optimise the generation by frontline service personnel of robust and accurate policy and query data
- Active engagement with external policy networks and service organisations to support the generation and sharing of evidence-based policy research
- Development and maintenance (in collaboration with CIB’s ICT Team, other CIB teams, and external providers) of a number of bespoke data collection and case management systems used by frontline services to input client and query data and to report to CIB.
The Data and Research team works closely with other CIB teams particularly Advocacy, Digital Content, ICT, Abhaile and Standards and Development. It is a small team (4.5 WTE positions, including this current vacancy and the Manager).
Salary
The salary scale for this post is the standard Civil Service Equivalent: €36,544, €38,465, €39,550, €41,667, €43,564, €45,400, €47,229, €49,019, €50,832, €52,618, €54,514, €55,784, €57,596(LSI1) €59,422(LSI2)
*After 3 years’ satisfactory service at the maximum
**After 6 years’ satisfactory service at the maximum
An Application Form must be completed in full (late applications and CVs not accepted). The application process is outlined in the Information Booklet which is downloadable below:
Download the Application Form (docx)
Download the Candidate Pack(pdf)
Closing date: Monday 5pm 6th of January 2025
The Citizens Information Board is committed to providing equal opportunities for employment to all applicants. Applications will be reviewed and shortlisted for interview on the merit, skills and experience detailed in the documentation supplied, regardless of gender, age, sexual orientation, civil status, family status, religion, disability, race, or membership of the Traveller community.
Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle agus abhcóideachta. Maoiníonn agus tacaíonn an BFS le raon de 22 Cuideachta Seachadta Seirbhíse lena n-áirítear na Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh, an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, Tacaíocht an SBCA, an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas, Seirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta, agus Clár na nAteangairí Teanga Comharthaíochta in Éirinn.
Sonraí, Polasaí agus Taighde (EO)
Tréimhse: Lánaimseartha, Buan (35 uair an chloig sa tseachtain)
Suíomh: An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Teach Ché Sheoirse, 43 Sráid an Bhaile, Baile Átha Cliath 02 D02 VK65
Ról: Sonraí, Polasaí agus Taighde (EO)
Comhlíonann obair na Foirne Sonraí agus Taighde feidhm reachtúil de chuid an BFS, is é sin soláthar faisnéise maidir le héifeachtacht an pholasaí agus na seirbhísí sóisialta reatha a thacú, a chur chun cinn agus a fhorbairt agus chun aird a tharraingt ar shaincheisteanna atá ina n-ábhar imní d'úsáideoirí na seirbhísí sin.
Cuimsíonn obair na foirne cúig phríomhréimse faoi láthair:
- Tuarascálacha polasaí a chur le chéile d'aird an Rialtais agus lucht déanta polasaithe agus páirtithe leasmhara eile (tá gach tuarascáil agus aighneacht ar fáil ar láithreán gréasáin an BFS: www.citizensinformationboard.ie
- Anailís ar shonraí fiosrúcháin agus polasaí ónár seirbhísí túslíne, agus cur i láthair an chéanna ar rannán an Mhoil Sonraí de láithreán gréasáin an BFS: Mol Sonraí - An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, agus tuarascálacha curtha ar fáil don Rialtas de réir mar is gá
- Rannpháirtíocht ghníomhach le seirbhísí túslíne - lena n-áirítear oiliúint a sheachadadh - chun an leas is fearr is féidir a bhaint as giniúint sonraí láidre agus cruinne polasaí agus fiosraithe ag pearsanra seirbhíse túslíne
- Rannpháirtíocht ghníomhach le líonraí polasaí sheachtraigh agus le heagraíochtaí seirbhíse chun tacú le giniúint agus comhroinnt taighde polasaí fianaisebhunaithe
- Forbairt agus cothabháil (i gcomhar le Foireann TFC an BFS, foirne eile de chuid an BFS, agus soláthraithe seachtracha) ar roinnt córas saincheaptha bailithe sonraí agus bainistíochta cásanna a úsáideann seirbhísí túslíne chun sonraí cliant agus fiosraithe a ionchur agus chun tuairisciú don BFS.
Oibríonn an fhoireann Sonraí agus Taighde go dlúth le foirne eile de chuid an BFS, go háirithe Abhcóideacht, Ábhar Digiteach, TFC, Abhaile agus Caighdeáin agus Forbairt. Is foireann bheag í (4.5 post WTE, lena n-áirítear an folúntas reatha seo agus an Bainisteoir).
Tuarastal
Is é an scála tuarastail don phost seo ná Coibhéis chaighdeánach na Státseirbhíse: €36,544, €38,465, €39,550, €41,667, €43,564, €45,400, €47,229, €49,019, €50,832, €57,596(LSI1) €59,422(LSI2)
*Tar éis 3 bliana de sheirbhís shásúil ar an uasmhéid
**Tar éis 6 bliana de sheirbhís shásúil ar an uasmhéid
Ní mór Foirm Iarratais a chomhlánú ina hiomláine (ní ghlactar le hiarratais dhéanacha ná le CVanna). Tá an próiseas iarratais leagtha amach sa Leabhrán Eolais is féidir íoslódáil thíos:
Íoslódáil an Fhoirm Iarratais (docx)
Íoslódáil an Leabhrán Eolais (pdf)
Dáta deiridh: Dé Luain 5pm 06 Eanáir 2025
Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh tiomanta do chomhdheiseanna fostaíochta a chur ar fáil do gach iarratasóir. Déanfar iarratais a athbhreithniú agus a chur ar ghearrliosta le haghaidh agallaimh ar an bhfiúntas, na scileanna agus an taithí a shonraítear sna doiciméid a sholáthraítear, beag beann ar inscne, aois, gnéaschlaonadh, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, reiligiún, míchumas, cine, nó ballraíocht den Lucht Siúil.